Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 026
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tar éis tamaillín eile chonnaic sé solus i dtig eile agus chuaidh sé fé'n a dhéin. "Bfhéidir go bfhuighinn cead bheith istig, san áit seo" ar seisean. Bhuail sé cnag ar an ndoras agus d'oscail bean é. Chuir sí fáilte roimhe agus dubhairt leis suidhe síos cois na teineadh. Dinnis se di an cruaidh-cás in a raibh sé, agus mar ar chuaidh sé ar strae ag filleadh do Beanntraighe ó Mághcromtha ar an gcomhgair. "Arú" ar sise "tá'n tú mílte as an slighe anois. Táir i nGleann Fleisc i gCiarraighe."
"Cad é an saghas iad na comharsana annso agaibh" ar seisean. "Chuadhas isteach i dtigh annso agus b'ait an fáilte a fuaras." Dinnis sé dí i dtaobh an bhean a tagadh ón seomra.
"Níl aon tig in aon chor comhgarach don tig seo" ar sise. Is istig san gcómhla breac a bhís Osclann an carraig mar sin uair amháin ins gac seacht mblian. Beir do bhuidheacas do Dhia, nár fhanais istig ann go dtáinig sí aníos an triomhadh uair, mar annsan dúnfaí an cómhla agus coimeádfaí istig tú b'ádhmharach an rud é gur sgeinis"
Bhuel do thiormuig sí a chuid éadaig ag an dteine agus thug sí culaith le'n a mhac le chur air an fhaid a bhíodar a'thiormú. Thug sí béile maith dhó - arán agus bainne agus feóil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí