Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 050
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.”
Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra. Bhíodh sí amuig gac lá ag iarraidh déirce. Bhí mac aici darab ainm Seán, agus bhí goile uathbhásach ag Seán. D'itheadh sé gach a thugadh sí isteach san oidhce.
Nuair d'fhás Seán suas in a fear, chuir sí amach é ag lorg oibre. Thug sí mála mine dó. Dimtig Sean agus bhí sé ag siubhal go dtáinig ocras air. Shuidh sé síos cois srutháin. D'ith sé an min agus dól sé uisge.
"Chaitfeas-sa filleadh airís go dtí an sean-bhean" ar seisean leis féin mar níl a thuille le n-ithe agam. D'fill sé. Bhí sise ar buille leis "Arú a mháthair" ar seisean d'itheas a raibh agam agus annsan níor bhféídir liom dul níos fuide.
Thuit an rud céadhna amach an tarna lá. Agus an tríomhadh lá nuair a bhí an mailín mine ithte aige, bhí náire air filleadh. Tháinig spideóigín cuige agus é 'na shuidhe cois an t-srutháin. Thug sé gráine mine di agus dith sí é.
Bhí Seán go brónach agus gan fhios aige cá bhfuigheadh an céad béile eile. Siubhal sé go dtí tuitim na h-oidhce. Chonnaic sé solas uaidh i bhfuinneóg agus chuaidh sé fé'n a dhéin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seámus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí