Scoil: Barrlinn

Suíomh:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máire Ní Chruadhlaoich

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Bhí ógánach ann go raibh nós aige fanamhaint amuigh go déidheanach san oidhce, ag imirt cártaí agus mar sin de.

Bhí ógánach ann go raibh nós aige fanamhaint amuigh go déidheanach san oidhce, ag imirt cártaí agus mar sin de. Oidhche dá raibh sé ag teacht abhaile i ndeire na h-oidhche, tháinig sé suas le ceathrar ag iomcharh cómhra. Chuaidh sé cúcha. "Tabharfad-sa conghnamh díbh" ar seisean. "Amach le duine agaibh" Leigeadh an comhra annsan do agus bhí an ceathrar imthighthe. Chuir sé ar a dhrom é agus abhaile leis cuig a bhaile féin. Chuir sé síos é i lár na cistineach. D'osgail sé í agus cad a bhí ann act oigbhean bhreagh agus í 'na codhladh acht níor fhéad sé í do múchadh.
Chuir sé fios ar an sagart agus do dhúisig seisean í agus chuir sé iacaibh uirthí labhairt
Dinnis sé dóibh cerbh'í agus cad as í. Bhí an seoladh na mílte ón áit 'na rabhadar Chuaidh an t-ógánach go dtí an áit gan aon mhoill agus d'fan an cailín len' a mháthair, Nuair a srois sé an tigh, bhí socradh ag

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Séamus Mac Coitir
Inscne
fireann
Aois
81
Gairm bheatha
saor cloiche
Seoladh
Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí
Teanga
Gaeilge