Scoil: Barrlinn

Suíomh:
Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máire Ní Chruadhlaoich
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Barrlinn
  2. XML Leathanach 089
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí sean-duine ann fadó agus Diarmuid na Naosgach a tugtaí air.

    Fuaireas an píosa seo leanas ó Síghle Ní Scolaidhe múinteoír i sgoil Bárlinne. Fuair sise í (acht tá an cuid is mó dearmadtha aici) ón a sean-áthair Donnchadh Ó Scolaidhe Maca na Sailighe. Rugadh é inaice le Gleanngarbh. Fuair sé bás 5 blian ó shoin. Sgeálaidhe a b'eadh Donncadh Ó Sgolaidhe.
    Bhí sean-duine ann fadó agus Diarmuid na Naosgach a tugtaí air. Do daoradh cun a chrochta é; acht tugadh párdún dó acht dá bheársa deág do chumadh agus breág ins gach líne. File do b'eadh Diarmuid acht ní raibh a fhios san ag lucht a dhaortha. 20 nóim a fuair sé cun an bearsa do chúmadh.
    (1)
    A ' bhfeachais an iongadh a chonnac-sa ar an mbothar
    *Silithe is muc aige ag dul go dtí an pónadh
    An t-eascú sa linn agus é ag cioradh a bhróga
    As a 'bhfeacabhar na caoire san ngeimhreadh ag baint móna ?
    (*Seilmide)
    Cúrfa
    Monglom ó doudró, doudró díoram
    Monglom ó doudró, doudró dioram
    Bog do chos, tóg do chos téanam ag rinnce
    (2)
    Longadh dá bhfeacha-sa agus mé im' pháiste
    Traod'na ceangailte agus eilit id thárla
    (a deer driving a fettered corncrake)
    An caraod (worm) mhór agus é ag déanamh stácha
    'As an dreoilín easbaig á chaitheamh in áirde
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mary A. Crowley
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Síghle Ní Scolaidhe
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)