School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 027
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.

    (continued from previous page)
    Ansan d'iarr sé cead uirthi fanamhaint istig go maidin amáireach. "Ní féidir liom é thabhait duit" ar sise. "caithfidh tú ghlanadh amach anois díreach. Mhairbheocadh na fir mé dá dtugainn lóistín na h-oidhce d'aoinne."
    "Ní raghas-sa amach" ar seisean "táim ró chortha agus caithfhidh mé codladh d'fághail in áit éigin annso. Dheanfadh urlár na cistineach an gnó acht ní rabhad amac airís fén mbáisteach."
    "Tá go maith" arsan bhean "deanfaidh mé leapa duit annso inaice leis an cúl-doras. Beidh tú i bhfolach ann, agus mo chomhairle-se duit - Ná feic a bhfeicir agus na clos a gcloisfir. Ní bheidh sé im 'chumas a thuile a dhéanamh diot.
    Do bhí a lán ann[?] - boscaí agus cláir adhmaid srl san pháirt sin den tig agus bhí an leabhaidh i bhfolac. gan amhras. Acht níor chodail Mac Coitir, bhí an méid sin diamhaireacht ag baint leis an áit go raibh sé fiosrac.
    I lár na h-oidhce d'airig sé an fothrom amuigh agus "Stop, Stop" á radh ag duine éigin. D'osgladh an doras agus do tiomáineadh isteach sa cistin tarbh breágh beathuighthe agus trúir fear ina diaidh. Do leagadh an t-ainmidhe agus do baineadh an croiceann de. Do deineadh an obair go tapaidh agus go h-aiclishe agus go gac rud go maith go dtáinigeadar go dtí na h-adhaca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork