School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 025
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.

    (continued from previous page)
    fhios aige cá raibh sé. Tháinig saghas measgáin mearaidhe air agus nuair a cheap sé go raibh sé ag déanamh ar a bhaile féin, is ar treó eile ar fad a bhí sé ag dul. Bhí sé go fíor tuirseach, báidthe fluich, agus lag leis an ocras.
    Chonnaic sé solus tamaillín uaidh agus chuaidh sé fé'n a dhéin. Chuaidh sé isteach i dtigh deas néata, in a raibh teine bhréag dhearg ar an dteinteáin. Bhí seomra eile seachas an chistin agus an doras chuige leath-osgailte. Ni raibh aoine sa chistin. Tháinig bean aníos. Bhí brat dubh uirthi agus a ceann clúdaighthe. Ní fheaca an strannsaer acht aon t-súil amháin. Do chuir sí cor i gcaoine ba bhreághtha dár airig sé riamh acht níor labhair sí focal leis cé gur iarr sé uirthí lóstín na h-oidhce. Shuidh sí ós a chómhair amach ar an dtaoibh eile den teine D'eirig sí, agus síos léi airís go dtí an seomra. I gceann tamaill gearr d'fill sí, agus do thosnuig ag caoineadh ath-uair acht níor labhair.
    "Bheul" ar seisean leis féin "ós rud é go bfhuil sí cómh doithceallach, ní bheidh mise annso roimpi an tríomhadh uair a thiocfaidh sí. Ní fheadar cad é an saghas í", agus súid leis an doras amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork