School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 248
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cruaich níorbh fhada go dtáinig an púcha fé is gur thóg se inairde leis é. Ar dtuis bhí a croide na beal aige ach glach sé mhisneach tar-éis cuimneamh ar Seán is sait sé an dhá bior go ceann na dá taobh ag an bpúcha gur bain se cread as "há" ar sé. Cá bfuairis na deilgné broid. Nach cuma duit arsa Michéal ag tabhairt an dara sathadh do leig díot na deilgne broid ar seisean airís "há" ná bhí ag cainnt dubhairt Micéal ag tabairt do mbhior airis dó. Fé deireadh b'éigin do'n púca tuirleach do deanamh is d'fag sé Michéal na seasamh in aice na cruaice agus d'imtig se leis is ní feacha Micéal coidce é. Tug se féar dos na buaibh is cuaidh se isteach diafruig a máthair de cá raibh sé cómh fada san bhíos ag deanamh marcaig eachta ar sé ach ní dóig liom go mbeidh se le deanamh nios mó. Dfeachadar ar a broigibh is bhíodar fein is na spur lán de láthaig duibh is le múnlach i n-ionadh fola. As san amach fuair an driothar éile sos agus niorbh fhada go raibh sé comh maith na sláinte is a bhí se riamh.
- Collector
- Márta De Bhlach
- Gender
- Female