School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Derreenacarrin, Co. Cork
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0279, Page 485

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0279, Page 485

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 485
  3. XML “Neamhshaolta”
  4. XML “Neamhshaolta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí búachaill aimsire ag obair dá mháighistir agus bhí sé ana chruaidh air. Ní thugadh sé acht aon bhéile amháin dó sa ló agus bhé sin a shuipéir. Lá amháin bhí sé ag cur síl agus bhí ocras air. Bhí lios ar cúinne na páirce agus chuaidh an bhúachaill in aice na leasa agus dúbhairt "a bhean istig tabhair dom rud éigin le n-ithe". Annsan do chonnac sé bean ag teacht amach agus glaoidh sí isteach é chun a dhínnéir. Chuaidh sé isteach agus d'ith sé a dhóthain ann. Gaibh sé buidheachas dóibh agus dúbhairt sé leo núair a beadh an gurt aibidh go leigfadh sé dornán ag béal na leasa dhóibh. Núair a chualadar é sin thugadar a dhínnéir dhó gach lá as san amach. Nuair a bhí an gurt aibidh leig sé dornán mór ag béal na leasa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.