School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 265
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean caisil a ghlaodhtar ar an gcluiche seo. Beirt páistí imirigheann é. Tarraigeann siad cearnóg le chailc bháin ar an mbórd.
Tarraigeann siad líne síos suas agus líne eile treasna i dtreó go mbheidhís ag gábhail thar a chéile i lár na ceárnóige. Tarraigeann siad dhá líne eile ó chúinne go cúinne na ceárnóige. Bíonn siad so leis ag gábhail thar a chéile 'na lár. Bíonn ocht coda déanta do'n chearnóig. Annsan gheibheann páiste acu trí cnapaí bána agus an páiste eile trí cnapaí dúbha.
Bíonn siad 'á chur sios gach re dhuine ins na pínteacha go bhfuil na línteacha ag bualadh i gcoinnibh a chéile. An páiste is túisce a chuireann a chnapaí féin i líne díreach is aige sin a bhíonn an cluiche.- Collector
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leahill, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Crualaoich
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Leahill, Co. Cork