School: An Chathair Gharbh (roll number 13896)
- Location:
- Cahergarriff, Co. Cork
- Teacher: Criostóir Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fear a bhí ann anois ach bean. D fiafruigh sé dhí an raibh na trocalaibh eile abfad os a gcomhar (Do bhí fhios aige go maith na raibh aon trocal eile ar an mbothar ach cun cainte do baint di) "Bí ag glúaiseacht agus geóbhair eolus air" ar sise. Do thainig eagla air agus dfeuch sé síar airis agus bhí an bhean imtigte. Annsan do tosnuigh sé ag lorg an buidéal uisge beatha ach bhí se sin imthighthe leis. Uair eile do bhí fear eile ag dul go dtí an paróiste thíar ar an gnó ceudhna. Ins an slíghe do cás sé le buacal óg agus é ag dul amúgha. Do tháinig sé amac as an trocal cun é do chuir ar an mbóthar ceart, ach núair a glaoidh sé air agus níor fúair sé aon freagra. D'airig sé fothrom anál madra mar a dearfá, tar éis rith fada.
Do chuaidh sé isteach san trocal airís agus do chuaidh sé fá dhéin tig an torraimh.- Collector
- Seán S Ó' Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Fuhur, Co. Cork
- Informant
- Ellen Murphy
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 80