Scoil: An Chathair Gharbh (uimhir rolla 13896)

Suíomh:
An Chathair Gharbh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Criostóir Ó Dubhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 352

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Gharbh
  2. XML Leathanach 352
  3. XML “Tórramh sa Pharóiste Thiar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear a bhí ann anois ach bean. D fiafruigh sé dhí an raibh na trocalaibh eile abfad os a gcomhar (Do bhí fhios aige go maith na raibh aon trocal eile ar an mbothar ach cun cainte do baint di) "Bí ag glúaiseacht agus geóbhair eolus air" ar sise. Do thainig eagla air agus dfeuch sé síar airis agus bhí an bhean imtigte. Annsan do tosnuigh sé ag lorg an buidéal uisge beatha ach bhí se sin imthighthe leis.
    Uair eile do bhí fear eile ag dul go dtí an paróiste thíar ar an gnó ceudhna. Ins an slíghe do cás sé le buacal óg agus é ag dul amúgha. Do tháinig sé amac as an trocal cun é do chuir ar an mbóthar ceart, ach núair a glaoidh sé air agus níor fúair sé aon freagra. D'airig sé fothrom anál madra mar a dearfá, tar éis rith fada.
    Do chuaidh sé isteach san trocal airís agus do chuaidh sé fá dhéin tig an torraimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán S Ó' Súilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Fhoithir, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ellen Murphy
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80