School: Cill Mhic Eoghain (roll number 9848)

Location:
Kilmackowen, Co. Cork
Teacher:
Domhnall Ó Hurdail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 060

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 060

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Eoghain
  2. XML Page 060
  3. XML “Longbhriseadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Longbhriseadh

    I Mí na Samhna ab'eadh é, agus bhí na daoine ó béalachrabháin ag íascaireacht amuigh sa bhfairrge.

    I Mí na Samhna ab'eadh é, agus bhí na daoine ó Béalachrabháin ag íascaireacht amuigh sa bhfairrge. Sa bhlían 1918 ab'eadh é. Nuair a bhí na báid ag teacht isteach ar maidin thosnuigheadar ag rás le'n a chéile. Nuair a bhíodar ag teacht isteach ar an dtaobh thíar de Chíllcatíarainn do chuaidh an bád suas ar bhuilig, agus d'iompuig sí, agus do thuit na daoine go léir amach san uisge. Bhí sé fir sa bhád, ach bhí ceann acu sábháilte. Rug sé greim ar maide rámha, agus dá bhrígh sin d'fhan sé ar bhárr an uisge go dtí gur tháinig cabhair cuige. Mhair sé an feadh tamaill agus bhí sé ábalta ar an sgéal go léir d'innsint do gach aoinne.
    Bhí na cúig fir eile báidhte agus ní raibh na daoine ábalta ar íad d'fhághail. Fuair a dtuismuightheóirí dhá thúmadóir annsann agus nuair a chuaidh na túmadóirí síos, ní raibh aon chorp le fághail. Tar éis trí nó ceithre seachtmhaine bhí duine síos inaice an chéibh agus chonnaich sé ceithre cuirpeanna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Dónal Ó h-Áinle
    Gender
    Male
    Address
    Bawnard, Co. Cork
    Informant
    Tadhg Ó h-Áinle
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Bawnard, Co. Cork