Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 866

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 866

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 866
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is iad seo na luibheanna is mó a fhásann sa cheantar seo: praiseach buí, grúnlas, an giúnach dearg, fuileog, feóchadán, briosclán,, mealúchán, broimfhéar, féar faile.
    Fásann an briosclán, broimfhéar, fuileog agus praiseach buí i dtalamh bocht. Deineann an praiseach an-diobháil do chaoire agus do shíol féir. Fásann an broimfhéar an fuileog and briosclán ar iomaraí na bprátaí agus uaireanta múchann siad na gais agus ní fhásann aon phrátaí.
    Faightear leigheasanna as cuid acu. Deintear an grúnlas do bheirbhuí agus é a thabhairt do bheithigh go mbeadh bruinne dearg acu. Cuirtear bainne na n-éan le fáithne a bheadh ar bheithigh nó ar dhuine. Cuirtear meacain na dáthabha le cneadh nó le haon bhall tinn. Stadann an slánlus fuil.
    Deintear an driseog do bheirbhiú agus tagann dath crón as. Deintear diliosg na gcloch do bheirbhuí leis agus tagann dath rua as. Ithear an briosclán agus an mealúchán agus tá siad an-deas le n-ithe. Tá fréamh an bhrioscláin fada bán agus tá fréamh an mhealúcháin gairid.
    Diarmuid Ó Dúbhda
    Baile na Leacan, Clochán,
    Fuarthas ó mo sheanathair Séamus de hÓra, Baile na Leacan, Caisleán Ghriaíre.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid O' Dúbhda
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Séamus de hÓra
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Kerry