Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dtig na gcearc ag na daoine. Aon oidhche amháin tháinig madra ruadh go dtí baintreach agus mhárbh sé sé cinn de cearca uirthi. Bhí eagla uirthi dul isteach chuige agus glaoidh sí ar dhuine éigin. Cuaidh sí isteach annsan agus bhí na cearca ar fad bailighthe tímcheall na teine aige agus bhí ceann treasna ar a bhéal aige agus leig sé ar a bheith marbh. Níor tháinig an fear aniar 'na theannta in aon cor ar dtúis agus cuaidh sí siar ag glaodhach air cun an craiceann a bhaint do. Bhí sé ag cur faoibhir ar a sgian. Nuair a cuaidh sé soir bhí an madra ruadh imthighthe agus dhá gé aige. Connaic duine eile é agus dubhairt sé gur geall le fear é a bheadh ag tabhairt dhá capall leis ag treabhadh.
    Séamas Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
    Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.