Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 074

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 074
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) Tagann fear gur b'ainm do Mac Cárthtaí do tímcheall annso cúpla uair sa bhliadhain. Bíonn sé ag díol galúnaighe agus iallacha bróg. Bailígheann sé ruaimneach agus buidéil. Codluigheann sé sa chistin mar deir na daoine gur fear ana shaibhir é agus go bhfuil a lán airigid aige agus coimeádann sé a mhála fé na cheann.
    (2) Tagann fear eile gur b'ainm do Danny Coffie ana mhinic tímcheall na háite seo. Bailígheann gach duijne óg agus aosta isteach ag éisteacht leis mar bíonn sé lán do sgéalta acht is i mbéarla a bhíonn sé a n-innsint. Tá a lán amhrán aige leis agus bíonn sé é á rádh. Ní raghadh sé in aon leaba acht téigheann sé isteach i bpaca sa chúinne. Bíonn mála beag aige air a dhrom agus bíonn sé ag deisiúghadh umbrellas. Ní thógfadh sé déirc acht a dhóthain le nithe.
    (3) Tagann Mary Crownes ag bailiúghadh prátaí agus ag díol éisg.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Fiannachta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Rinn Bheag, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Fhiannachta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Rinn Bheag, Co. Kerry