Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i bhFionn Trágha gur b'ainm do Tomás Ó Muircheartaig. Do bhíodh sé ag tabhairt súip do mhuinntir Fionn Trágha, Muinntir Bhaile Mhóir agus mhuinntir an Dainghin fhéach a n-iompóchaidís. Do tháinig ard fearg ar an tAthair Ailpín agus do chuaidh sé ó thig go tig i ngan-fhios don mhinistir ag tabhairt cómhairle dos na daoine agus ag rádh leó gan rud do dhéanamh ar an mhinistir. Do sgéidh duine éigin air agus do tógadh é agus do seirbheálach é. Do chuir sé fíneáil trom air. Do bhí an ministir ar a thóir ar feadh tamaill. Sa deire do fuair sé é airís i bhfollach i mBaile Móir. Do thug sé leis an Daingean é. Do bhí sé á chur i bpríosún acht do bailig muinntir na dtrí bparróisdí le chéile agus do shaoradar é. Annsan do deineadh bailiú airgid do. Do thug daoine £1 agus breis, Ba mhór an chuid é sin san uair sin. Ní leigfeadh eagla do aoinne dul go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann