Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 390
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhiaidh.
Is fearr an t-ádh na eirghe go moch
An citeall ag tabhairt béal dubh ar an bpota.
Is fearr go deireannach ná go bráthach.
Is fearr caraid sa gcúirt na bonn sa sparán
Is fearr leath-builín ná bheith gan rán
An té a chuireas san earrach ní baineann sa bhfoghmhar.
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn
Ní airigheann súghach sáthach bolg folamh
Ná caith an t-uisge salach amach go mbeidh an t-uisge glan- istigh.
Gaire maith, codladh fada, an dhá leigheas is fearr i leabhar an dochtúra.
Ní thagann an bhláth ar an gcrann a críonnas, is ní thagann an óige faoi dhó choidhchin, bhíod do chlann i n-am do caointe,
Is ní beidh aon anshógh in do chlaontaíbh.
Is cuma dhuit é má tá do ghé ar gor.
Bhíodh rud agat féin nó bhí ghá uireasbhadh
Is fearr rith maith na droch sheasamh
Is minic do bhain fear slat l'aghaidh é féin do bhualadh
Is comhachtach i an fhírinne agus buaidhfei sí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Mháithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79