School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 310

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 310
  3. XML “An Doineann”
  4. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Ós cionn céad bliadhain ó shoin bhí sioc millteach sa tír seo agus ní raibh a leithide ann ó soin í leith. Tugadh Bliadhain a t'Seacha Mhóir ar an mbliadhain sin. Thosuigh sé ag sioc í mí Feabhra agus níor stop sé go lá Féile Pádhraig. Sé sin bhí sé dhá dhéanamh ar feadh seacht seachtmhainí. Níor fágadh fata slán sa tír mar a raibh siad istigh 'sna h-iothlainn agus tintreacha thar timcheall ortha. Bhí Loc Coirib reóidhte ar feadh an ama sin agus bhíodh na daoine ag dul treasna lé cárr agus capaill ag tarraingt ualach agus eile.
    Sa mbliadhain 1903 bhí stoirm mhór ann. Réabadh na coillte agus leagadh na crainnte. Leagadh a lán tighthe freisin. Níor fágadh coca féir no stuaic arbhair sa tír nach raibh leagtha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.