School: Caladh na Muc

Location:
Callownamuck, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh na Muc
  2. XML Page 031
  3. XML “Cluain Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thalamh ag snígheadh idir loch amháin díobh súid go dtí "Loch an Tairbh".
    Poll mór gan aon bhalla ná eile thart air seadh "Loch na Tairbh". Deirtear nach bhfuil aon tóin leis. Seo é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air. Uair amháin thit tarbh isteach san bpoll agus deirtear gur fritheadh é i nGaillimh. Is amhlaidh do snámh an tarbh san sruth fá-thalamh idir Loch an Tairbh agus Loch Coirrib agus annsin do snámh sé isteach go Gaillimh.
    Bíonn a lán eascon le fágháil san loch seo san Samhradh. Deirtear go mbídís chómh flúirseach ann fadó go bhféadfadh na daoine iad a thabhairt aníos i gciseain.
    Deirtear go bhfaca na sean daoine dhá chapall mara ann fadó acht go ndeacadhar síos san uisce nuair a chonnaicheadhar na daoine ag teacht.
    Sgéal eile atá ag na sean daoine fá Loch an Tairbh seadh-Tráth dá raibh fear ag teacht abhaile ó'n bportach chonnaic sé capall. Léim sé in áirde air. As go bráth leis an gcapall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhíle
    Gender
    Female
    Address
    Cloonmore, Co. Galway
    Informant
    Pat Barrett
    Gender
    Male
    Address
    Cloonmore, Co. Galway