Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cupla toibreacha beannuighthe san áit seo agus an ceann is mó le rádh uilig acu agus is mó a thuganns na daoine cuairt air : Tobair Maimin. Tá lá amháin den bhliadhain ceaptha amach ag na daoine le h-aghaidh turas a thabhairt ar an áit bheannuighthe sin agus tagann na daoine as gach uile áit an lá sin. Tagann na daoine oga go léir ar rothair agus na sean daoine i ngluaistean agus i dtruchaill. Tugann gach duine a theigheanns go Maimin turas i n-onóir do Naomh Pádraig mar do chaith Naomh Pádraig oidhche i Maimin ar a bhealach go Cruach Pádraig agus an leabaidh a chodail sé uirthi tá a coimhrigheacht le feiceál annsin go foill agus beidh go brádh mar is mearbhaill cloich an sort leabaidh is seadh í. Tá uisge ag tuitim anuas ó barr na leabtha agus cuireann gach duine corra céasta orainn leis an uisge sin.
Dá mbeadh tinneas nó droch phian ar bith ag dul do duine cuireann sé turas ar féin go tobar Riamh Domhnaigh mar tá leigheas ina an uisge atá ann mar do bheannuigh Naomh Pádraig an t-uisge ar a bhealach go Cruach Phádraig.
Tá sgéal faoi bhean a bhí ag rádh a paidreacha fadó ar leic an tobair agus ar éirighe d'á ghlunaibh dí chonnaic sí pictiúir na Maighdine Glórmhair 'na seasamh le taobh an tobair agus níor mhair an bheann sin ach sgathamh gearr tarr éis an Mhaighdean beannuighthe d'fheiceál mar ba naomh í an bheann do chonnaic í.
Níl sé ceart ag duine ar bith dul tar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Maille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. Galway