School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
An Clochar i gCárna | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

5.
Ar deireadh na míosa a líonfas an ghealach go h-ard,
Racha muid oidhche, nach siamsa a bheidh againn san Áird,
Mar is ann a bhí na daoine bhí go siamsamhail chomh macánta lághach
Ach sé grádh Mhicil Sheamuis ní bhéarfad do fhear eile go bráthach.
6.
Tá grádh do daréag agam is iad fré céile ar aon sloinne amháin
Ach tá duine de'n mhéid sin nach féidir liom-sa a ainm a rádh
Go dtriomadh Loch Éirne is go dtréige an eala Clúineach Bhán
Ní innseochaidh go h-éag dhuit an réasun a dtug mé dhuit grádh.

M'fhirín beag caol in a luighe leis an tobar, a cheann cruadh maol, maol leis an obair. Ní dhéanann sé tada, is cuma cé'n obair go gcuireann a cheann síos ins an tobar. Freagra: Cleite phinn

Ritheas agus fuaireas, chuairtigheas agus ní bfuaireas, dá bfuigeann é ní thiubhrainn liom é, ní bhfuair mé é agus thugas liom é. Freagra: Dealg
Cé mhéad drioball bó a shroichfeadh an spéar? Freagra: Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach fada.

Language
Irish