School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 373
  3. XML “Seanamhrán - Amhrán Mhicil Shéamuis”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    5.
    Ar deireadh na míosa a líonfas an ghealach go h-ard,
    Racha muid oidhche, nach siamsa a bheidh againn san Áird,
    Mar is ann a bhí na daoine bhí go siamsamhail chomh macánta lághach
    Ach sé grádh Mhicil Sheamuis ní bhéarfad do fhear eile go bráthach.
    6.
    Tá grádh do daréag agam is iad fré céile ar aon sloinne amháin
    Ach tá duine de'n mhéid sin nach féidir liom-sa a ainm a rádh
    Go dtriomadh Loch Éirne is go dtréige an eala Clúineach Bhán
    Ní innseochaidh go h-éag dhuit an réasun a dtug mé dhuit grádh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. M'fhirín beag caol in a luighe leis an tobar, a cheann cruadh maol, maol leis an obair. Ní dhéanann sé tada, is cuma cé'n obair go gcuireann a cheann síos ins an tobar. Freagra: Cleite phinn
    Ritheas agus fuaireas, chuairtigheas agus ní bfuaireas, dá bfuigeann é ní thiubhrainn liom é, ní bhfuair mé é agus thugas liom é. Freagra: Dealg
    Cé mhéad drioball bó a shroichfeadh an spéar? Freagra: Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach fada.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Language
    Irish