5. Ar deireadh na míosa a líonfas an ghealach go h-ard, Racha muid oidhche, nach siamsa a bheidh againn san Áird, Mar is ann a bhí na daoine bhí go siamsamhail chomh macánta lághach Ach sé grádh Mhicil Sheamuis ní bhéarfad do fhear eile go bráthach. 6. Tá grádh do daréag agam is iad fré céile ar aon sloinne amháin Ach tá duine de'n mhéid sin nach féidir liom-sa a ainm a rádh Go dtriomadh Loch Éirne is go dtréige an eala Clúineach Bhán Ní innseochaidh go h-éag dhuit an réasun a dtug mé dhuit grádh.Máire Ní ChonghaileM'fhirín beag caol in a luighe leis an tobar, a cheann cruadh maol, maol leis an obair. Ní dhéanann sé tada, is cuma cé'n obair go gcuireann a cheann síos ins an tobar. Freagra: Cleite phinn Ritheas agus fuaireas, chuairtigheas agus ní bfuaireas, dá bfuigeann é ní thiubhrainn liom é, ní bhfuair mé é agus thugas liom é. Freagra: Dealg Cé mhéad drioball bó a shroichfeadh an spéar? Freagra: Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach fada.Michelle Dunne