School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0445
- XML “Cóitín Luachra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chailín a b'fhearr ná í ná ba mó meas.
Tháinig Dia Domhnaigh agus d'imthigh cuile dhuine a bhí sa teach ag an Aifreann ach d'fhan sise istigh ag réidhteach. Tháinig an spideóg annsin agus thug sí each chaol di nach bhfaca gaoth ná grian le seacht mbliadhna. Chuir sí culaith ar dhath an óir uirthi agus dubhairt sí nuair a chraithfidhe an t-uisge coisricthe uirthi a dhul ar a h-each-chaol agus a bheith amuigh go beó agus ní fhaca tú aon bhreathnú ariamh mar do bhí ag mac [ag mac?] an duine uasail uirthi. D'imthigh léithi abhaile ar a h-each-chaol agus bhain sí di an chulaith óir. Nuair a tháinig abhaile bhíodar ag cur caoi ar an mbean bhreag a bhí ag an Aifreann. D'imthigh siad ag an Aifreann an darna Domhnach. Tháinig an spideóg arís agus each-chaol eile aici nach bhfaca gaoth ná grian le seacht ,bliadhna. Cuir sí culaith ar dath an airgid uirthi agus chuaidh sí ag an Aifreann agus dubhairt sí léithi nuair a chraithfidhe an t-uisge coisricthe uirthi a bheith amuigh go beó mar go raibh mac an ríogh i ngrádh léithí. Chuaidh sí abhaile agus nuair a tháinig siad abhaile ón Aifreann bíodar ag(continues on next page)- Collector
- Colm Ó Dioláin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Sorcha Ní Churraidhín
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Coill Rua Thiar, Co. Galway