School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0446

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0446

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0446
  3. XML “Bóirne Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuaidheadar in áit eile agus aon lá amháin chonnaic arm Bh. Mh. iad agus d'innis siad do'n taoiseach a bhí os a gcionn é. Agus thugadar faoi deara go raibh imtheacht an-uasal faoi'n bhfear seo. Dubht. an taoiseach leo a gcuid arm 's a gcuid capall fhagháil faoi réir l'ár na bháireach. An oidhche chéadna thárla go dtáinic brionglóid do mháthair Fheanabáin go raibh fiadhach mór i
    n-a ndiaidh agus ar maidin fuair sí féin agus Feanabán faoi réir agus d'imthigh leó. Agus nr. a bhíodar tamall ar an mbealach dubht. an mháthair leis an mac breathnú 'na dhiaidh. Bhreathnuigh, agus dubht. sé go raibh caiple bána ag teacht. "Tá siad sin bog agus cuirfeamuid iad," ar sise. Faoi cheann tamaill 'na dhiaidh sin dubht. sí leis breathnú 'na dhiaidh arís agus dubht. sé go raibh caiple dubha ag teacht. - "Ó tá siad san bog agus cuirfeamuid iad," ar sise. Ach an tríomhadh huair dubht. sí leis breathnú 'na dhiaidh agus féachaint a' raibh aon cheó ag ts. dubht sé go raibh capaill criathar ag ts. - Tá siadsan cruaidh agus cuirfe siad muide," ar sí; agus nuair a bhéas siad ag ts. suas linn tiubhra tusa ó shiubhal é."
    Ach nr. a bhí siad taobh thoir de Ghaillimh 'seadh tháinic lucht na gcapall suas leó agus ní dheárna mháthair Fheanabháin ach í féin a chaith' faoi'n talamh agus d'imthigh le Feanabán ar a theicheadh (thé:bh). Ní dhearna lucht na gcapall ach ciseach a dhéanamh dise ar an talamh bán. Sin é an fáth a bhfuil Móinín na gCiseach ar an áit taobh thoir de Ghaillimh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic Mac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway