School: Crois Bhóthar

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0245
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhíonn sé ag iompódh thart. Tagann sé aníos as an tobar annsin, teigheann sé giota uaidh agus déanann sé leacht le naoi gclocha, paidreacha ghá rádh aige fhaid is a bhíos sé dhá dhéanamh. Sin críoch an turais.
    'Sí seo an chaoi ar eirigh an tobar ar dtús. Uair amháin thárla gur sháith Naomh Pádraig a bhacall san áit go díreach in a bhfuil an tobar anois. D'éirigh an tobar ar an bpoinnte. Baisteadh ann taoiseach na h-áite sin arbh ainm dó Lughaidh.
    As an tobar ólann duine trí blogam de'n uisge, tugtar cuid de'n uisge abhaile agus coinnightear sa teach é.
    Fágtar rudaí mar píosaí éadaigh, bioráin gruaige, buinn is píosaí paidríní, ar an gcrann atá ag fás in aice an tobair.
    Níl iasg san tobar anois acht deirtear go raibh fadó agus gur imthigh sé nuair a báitheadh ainmhidhe le duine eicint as Cill Bheinín ann.

    Tá Tobar Garáin suidhte i bpáirc le Seán Ó Lurgáin i gCluain na gClasa san bparoísde céadna, acht dhá mhíle nó mar sin ó'n Tobar Bheinín. Ní féidir an t-uisge de a chur ar fiuchadh dá mba rud é go dtiubhradh duine abhaile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Cloonkeenbeg, Co. Galway