School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0172
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- M'athair atá in a chomhnuidhe i gCluain Caoilbhigh, ceithre míle ar an taobh thiar-thuaidh de Thuaim, a thug an t-eolas seo dhom.
Sé an lá is mó atá mí-rathmhar ná Dia Luain a deirtear. Ní thosnóchadh na daoine ag cur síl an lá sin mar ceapann siad go mbéadh siad i gcomhnuidhe ag cur síl. Nuair a bhéadh teach nua déanta ag duine ní chuirfeadh sé aon trosgán isteach ann go dtí an Aoine mar ceaptar go mbéadh sé mí-rathmhar.
Tá nós eile ag na daoine óga chómh maith le na daoine aosta agus seo é é - gan airgead a thabhairt amach Dia Luain mar ceaptar go mbéadh siad ag tabhairt amach airgid gach lá de'n bhliadhain. Tar éis láe Fheile Phádhraic tosnuigheann na daoine ag cur cabáiste.
Tuiteann Lá Fhéile Mártain ar an deichmhadh lá de mhí na Samhna agus tá nósanna ag bhaint leis. Marbhuigheann gach duine gé nó
lacha nó coileach an lá sin in onóir do Mhártan Naomhtha agus déanann cuid eile de na daoine crosanna leis an bhfuil.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Núthail
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway