School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0122
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad a dhéanamh freisin. Chonnaic mo shean-athair í dhá dhéanamh freisin agus chuidigh sé léithí go minic. Bhaineadar na luachair ar dtús agus annsin bhain siad an craiceann dóibh. Fuair siad gréis, sin é an sórt feola a bhíos i gcaora, agus chuir siad síos é i "ngreisit" le é a leaghadh. Annsin chuir siad gach luachar síos san ngréis. Nuair a bhí na píosaí fliuch leis an ngréis thóg siad suas iad agus d'fhág siad annsin in áit fuar iad go mbéadh siad fuar. Bhí píosa iarann agus cúpla puill ann acú chun iad a chur in a seasamh ann. "Padóg" a dtugtaoí ar na coinnle sin.
Bhíodh Micheál Ó h-Uallaigh, uncail do Bean Uí Móráin, ag déanamh ciseán i gCluain Eascra, Cill Bheinín, 3 míle taobh thuaidh
de Thuaim, agus dhá ndíol ag gach aonach thart timcheall na h-áite. Chuireadh Micheál dath eicint ar na lámhanna a bhíodh níos deise ná an cuid eile de'n chiseán.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway