School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sé in-a aigne ag Rí Séamus "plean" eicínt a deanamh le Árd Easbog Canterbury a mharbhú agus níor mhaith leis an Rí go mbeadh aon cumacht ag an Easbog ar chor a' bith. Chuir an Rí leitir ag an t-Easbog annsin agus chuireadh a bhí sa leitir do'n t-Easbog teacht chuig an Rí chun féasta a chaiteamh.
Bhí fhios an t-Easbog nach ar maithe leis a bhí an Rí ach mar sin féin dúbhairt sé go ngleasadh sé é féin agus go dtiocfadh sé chom fada leis an Rí. Bhí leath-amadán go driatáir ag an Easbog agus nuair a bhí an t-Easbog ag imteacht dubhairt sé leis an leath amadán go raibh sé ag ceapadh go marbhóchadh an Rí é. Agus d'fág sé a cuid airgeadh ag na leath amadán.
"Céard tá tú a rádh!" adeir an leath amadán, coinigh do cuid airgeadh agus suidh síos noiméad go n-innsigh mé duit."(continues on next page)- Collector
- Padraig Ó Coincheanainn
- Gender
- Male
- Informant
- Micheál O Coincheanainn
- Gender
- Male