School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0110
  3. XML “Iascairí Chorcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí aiteachaí a gCorcaighe le bruach na fairrghe fado agus ní raibh slighe ar bith acu ann ach ag iascaracht amach ar an bfairrghe. Bhí fear amháin dhe na hiascaraí agus chuaidh sé amach ag iascaracht oidche breágh gealaighe agus leig sé síos a cuid angaí. Ní raibh aon ceó le deanamh annsin aige ach fanacht go bhfeiceadh sé a dtiochfadh aon iasg aige go dtoigeadh sé isteach é.
    Bhí an oidhche ann breágh, an ciúin, agus bhí an fairrge in-a chlár cailm' deas agus dairigh sé an amhrán breágh go deas is a chúala sé dhá gabhail ariamh amuigh sa bhfairrge agus rinne sé iongantas mór dhó mar bhí tuairim aige nach raibh aon iascaire as an mbhaile amuigh ach é fhéin agus mar sin féin thug sé aghaidh an bháid ar an áit a chúala sé an tamhrán. Agus tháinig sé annsin sa deire bean a suidhe shúas ar cairgh amuigh a lár na fairrghe agus í ag ciarodh a cinn. Agus a gabhail 'inn agus gruaig breagh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraig Ó Coincheanainn
    Gender
    Male
    Informant
    Micheál Ó Coincheanainn
    Gender
    Male