School: Anach Cuain

Location:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Teacher:
R. S. Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Anach Cuain
  2. XML Page 0026
  3. XML “Gruagach Locha Fuair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gruagach Locha Fuair
    Fadó, fadó bhí sean rígh ina chómhnuidhe i Sean Cúirt in aice le Corrandula. Cnocúbhair ab ainm dó bhí aon mac amháin aige. Nuair a bhí sé óg chuaidh sé ar sgoil go dtí an Frainnc. Le linn do beith ar sgoil cailleadh a athair agus a mháthair. Ní raibh aon cára age annsin. Chaith sé a airgead ar cartai's ar ól agus níor fhág sé pighinn dó fhéin. Tháinig sé abhaile annsin go Sean Cúirt agus bhí sé bocht cráidthe.
    Bíodh sé ag strapadóireacht thart do déin. Suibhal sé suas chomh fada le locha Fuair lá. Bhí se ag feachaint amach ar an loch agus céard dfeicfeadh sé chuige ach bád mór agus trí seól air. Tháinig an bád chomh fada leis. Tháinig fear mór árt le gruaig fada fionn amach as. "Go mbeannuighidh Dia Dhuit a mic rígh Chonchubhair" adeir sé. "Go mbeannuighidh Dia's Muire duit" a duine uasal adeir Concúbhair. "a nimirfeá cluice cártai" adeir an gruagach. "Níl aon cartai agam a deir Choncubhair" ach "tá siad agamsa" adeir an fear eile agus isteach leis san mbád agus túg sé amach bórdh óir agus cártai airgid. Thosuigheadar ag imirt agus do gnothuigh Choncubhair an cluiche. "Abair aon rud atá ag taisteáil uait anois" adeir an gruagach agus tuibhraidh mise dhuit iad.
    Déarfhaidh mé iad" adeir Concubair. "Nuair a racaidh mé soir go Sean-Cúirt go mbeidh mo stáblai lan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhubhláine
    Gender
    Female
    Address
    Na Coitiantaí, Co. Galway
    Informant
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    Na Coitiantaí, Co. Galway