School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0093
- XML “Na Gaibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na Gaibhne atá ins an áit seo, Triúr clann Uí Tnúthail. Caithfidh go mba dream amháin iad uair. 'Sé an páighí atá díobhta, punt ó chuile dhuine agus an t-iarainn a cheannacht agus na tairnghí. Déanann siad chuile sort oibre agus deisiú iarainn ar an bpunt. Ba é an paighí a bhí do na gaibhne fadó ceann mart ar bith a marbóchadh duine a tahbhairt díobhta.
Ba iad na gaibhne a bhíodh ag tarraingt na fiachla fadó agus deirtear go bhfuil draoidheacht faoi leith ag na gaibhne, ins an áit a mbíonn an t-uisge leis na h-iarainn dearga a fhuarú agus dá mbeadh duine a tógail uisge as agus an gaoth ar'ú buailfidhe tinn an duine sin ar a' bpoinnte.
Sé an fáth go bhfuil an draoideacht sin ag an gabha. Nuair a bhí Ár dTighearna le céasadh d'iarr an lúdhach ar an gabha na tairnighe a deanamh ach ní déanfadh. Thug ar dTighearna saoghal maith do'n gabha agus chuir sé an tinncéar(continues on next page)- Collector
- Pádhraig O Coinceanainn
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Ó Tnutáil
- Gender
- Male
- Address
- Barr Eanaigh, Co. Galway