School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0104
- XML “Iarsmaí agus Seanchlocha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá cloch in aice le tobar Cormaich agus tá rian a dhá glúine ar níl sé ach cúpla slata ón tobhair áit a mbhiódh Cormach ag paidreóracht. Leigeasadh go leor daoine san tobar sin agus chonaic sean-mháthair Liam Ó Caomhánach cailís san tobar, uair amháin ach rith sí le na innseacht sa mbaile agus nuair a tháinig sí ar ais bhí an cailís imthigthe as. Bean an- craibheach a bhí inntí.
I gClúain Búaidh tá "Clocha Móra" agus deirtear gurbh é na Fíannaí a chur ann íad. Bhí Finn Mac Cúmhail agus Oisín agus Conán Maol ann agus bhí síad ag caitheadh clocaí le na céile. Bhí Fionn thíar ag Cnoch na Dú agus Oisin in Gaillimh agus bhí Conán Maol i gClúain Bhúaidh agus tháinig tuirse ar Conán mar b'éigin dhó dhá cloch a chaith ar ceann amáin ag an mbeirt eile. Rith Conán agus fágad na clocaí annsin.
Tá dún súas i gcreigreacha Coiteannta agus tá bóitrín faoí talamh ann. Tá sé túairim is leath-mhíle ar fhaidh. Tá "seomra dorca" (sin seomra gach fuinneóga ar bith ann) i dteach Séamas Ó Fathaigh agus deirtear gurbh é an áit(continues on next page)