School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dúbhairt an Rí go dtiúbhradh sé obair díobhta tar éis an dinnéir. Ach adeir an gobán céard a bhéas mise ag déanamh an fhaid is a bhéas sibh-se ag an dinnéir. Ara bí ag déanamh cat is dhá ruball annsin adeir an Rí. Sin focall a bhíodh acú chun déan do rogha rud a rádh. Ach meas tú céard a rinne an gobán ach cat agus dhá ruball air a ghearradh amach as cloich. Bhí iongnadh an domhan ar an Rí núair a chonnaich sé an rud a bhí déanta aige. Thug sé obair díobhta ar an bpoinnte agus thug sé an 'sac' do na daoine eile ar fad agus choinnigh sé an gobán agus a mhach go dtí go raibh sé críochnúigthe acú. Ag an am céadna fúair síad litir ón bhean a bhí sa mbhaile agus dinnis sí díobhta go mharbóch an Rí íad núair a bheadh teach cúirt críochnuigte i dtreó is nach ndéanfhadh síad ceann mar é do dhuine ar bith eile. Dúbhairt sí leó a bheadh glich do. Ach ar caoí ar bith núair a bhí sé críochnuigthe acú dúbhairt an Rí nach raibh rud ar bith mar é sa domhan. Ach dúbhairt an gobán go raibh 'cam adeir sé in aghaidh cam cor in aghaidh cor agus leag air' tá sé níos deise ná é.(continues on next page)