School: An Doirín (roll number 11549)
- Location:
- An Doirín, Co. Mayo
- Teacher: Seán Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Doirín
- XML Page 154
- XML “An tAthair Mánus Mac Suibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shil baintreabhaca agus dilleachta mar geall ar a bhás. Maidir leis na fearaibh bhíodar tannuighte de bhárr an catha mhisneamhla a throideadar ag Caislean a' Bharraigh agus an Baile na Muc. An méid aca a righnigh ó na catha b'éigin dobhtha imteach ag cois cladaigh agus in-uainaca faoí talamh le fosgadh d'fághail. Bhí saighdiúirí Sasana ar a dtóir le na marbhu gan saothar gan ádhbhar. Is iomdha droch-ghníomh eile a rinne Domnallach. Tá an t-Athair Mághnus curtha i Mainistir Bhuir Ghéise Umail ins an uaigh le na athair agus le na mháthair agus tá uaigh na Máilleach reamh-ráidhte le na ais.