School: An Doirín (roll number 11549)
- Location:
- An Doirín, Co. Mayo
- Teacher: Seán Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Doirín
- XML Page 153
- XML “An tAthair Mánus Mac Suibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear de mhuinntir Caitigín ag seóltóireacht thart timcheall Acla agus thug sé Aibhistín O Maille (agus) leis ar a ghleóitheoig go dtí long Franncach a bhí ag fuireacht leis san gcuan. Nuair a d'imthigh an Mailleach ar bhórd na luinge thug sé a seacht mile beannacht don Caiticin-each i gceann trí púint a thairgsint dó mar luach saothair. Dhiúltuigh an Caiticineach an t-airgead agus dubhairt sé leis an Mailleach "In áit airgid a glacadh uait, dá mbeadh fairsingeacht airgid agam bhéarfainn fiche punt duit a chuideóchadh leat in do bhealach"
Sgaradar ó céile annsin agus nuair a sroich an Mailleach an Fhrainnc cuaidh sé isteach i n-airm na Frainnce agus le méid a calmachta agus a chrodhachta níobh fhada go ndearnadh oifigeach de. Chaith sé blian is fiche ins an airm agus le linn an ama sin d'eirigh sé dall agus d'fhill sé abhaile go Buir-ghéis Umall. Bhí buan-chóis bliantamhail ó Riaghaltas na Frainnce aige i gceann seacht bpinge sa lá a bheith aige agus dhá mhadadh a bhí cheannaireacht
Bhí an Domhnallach beo nuair a tháinic sé agus chasadh leis an Mailleach é ar droicheadh Baile Uí bhFíodhcain agus bhain sé aithis as an dall
Aithnighim do glór a bhodaigh" ars an Mailleach
agus leis sin chuir sé a lámh i bpóca a asgaille agus tóg sé amach a phiostal agus ar an nóiméad a chonnaic an Domnallach an piostal rith sé
Ba dubh-croidheach an sgeal bhí ag Clanna Gaedheal nuair a crocadh an t-Atair Mághnus Mac Suibhne agus is iomdha deor a(continues on next page)