School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 155
  3. XML “Diarmuid an Reatha agus an Gar Lámhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé seo an sgéal is mo atá ag cur síos ar Acaill. Gidh go gceaptair gur finn-sgéal atá ann tá bunuis staire leis agus tá cuid mhaith de'n fhírinne ann. B'féidir cuireadh roinnt aithmhéala i leith ngiomhartha ar rinne na pearsuin ach tá stair na linne sin léirighthe go soiléir agus go fíor ann.
    Indiadh na Naomh a theacht go Acaill tháinig allmiu-cidhe (allúrach) go huachtar Acla. Ní raibh morán daoine ar an Oilean an uair sin. Bhí sé ag spaisteoireacht lá agus connaic sé fear agus bean ag teacht isteach fearsad Acla agus bó leóbhtha Bláthmhail a bhí mar ainm air. Máille bhí mar ainm ar fear uachtar Acla agus nuair a connaic sé an beirt seo ag teacht treasna na trágha cuaidh sé cun a' n-aircis agus tug sé leis iad go h-uachtar Acla. Nuair a cuaidh an fear a tug sé leis a codladh bhí faithcíos air go marbhófaoi é agus d'imthig sé féin agus a bean leobhtha nuair a fuair siad fear a tighe ina codladh. Níor stadadar gur baineadar amach Sliabh Mór agus rinneadar árús beag dobhtha fein annsin. Nuair a fuair an Máilleach amach cá raibheadar cuaidh sé 'un a tighe agus d'fhógair sé comrach ar an mBlathmaileach tréis seal pionnsaideachta marbhuigheadh an Bhláthmaileach. Tamall gearr ina diaidh sin phós Máilleach an baintreabhach agus bhí ceathrar mac mar muirghín acu sé sin an mac ba sine leis an mBláthmhaileac agus an triúr eile leis an Mailleach. Níor thaithnigh an céad mach leis an Mailleach mar ceap sé go mba beodhachta an Bláthmaileach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish