School: Boltifree (roll number 9764)

Location:
Buailte Fraoigh, Co. Donegal
Teacher:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Boltifree
  2. XML Page 128
  3. XML “An Buachaill Cliste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (agus) diarr ar na dearbhraitheacha á bhéith ag baint as amach ar shiubhal leo annsin agus char stad siad go rabh siad ar an tSráth Bán. Chuaidh siad isteach go teach tabhairne annsi agus fuair siad lóistín. Ar maidin tháinic siad anuas ‘un tsiopa agus d’iarr an mac a ba shine trí ghloine uisge beatha. Thoisigh an mac a ba shine ag amharc ar an chlog annsin. bheirfeadh mé cúig phúnta duit arsa seisean le fear an tsiopa ma choinnigheann tú leis an chlog sin ag rádh Tig Tog, Tig Tog, Tig Tog, agus a bhéith ag dul le do mheur san am chéadna. Amach leis annsin agus casadh bean an toighe air sa doras. “Tá (bean an toi) rud éiginteacht cearr le do fhear indiu” arsa seisean. Níl dadaigh amach as a bheul ac Tig Tog, Tig Tog, Tig Tog. Isteach léithsí agus ar shiubhal [leobhthasan]? a’s cha dtearn siad stad no mór chomhnuidh gur shroic siad Doire. Bhí lá margaidhe i nDóire agus chaith siad tamall ag snághmail thart. Sa deireadh casadh fhear agus lód muc leis ortha. Sheasuigh siad ag amharc ar na muca “Sílim gur seo an lód muc is fearr” arsa mac a ba shine. “Ó sé cinnte” arsa an dara muc. Bhal arsa an mac a ba shine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Eichthighirn
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    An Ailt Leathan, Co. Donegal