School: Boltifree (roll number 9764)

Location:
Buailte Fraoigh, Co. Donegal
Teacher:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Boltifree
  2. XML Page 175
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Beirt chailín as Cloch an Fhaoillidh a bhí ar fastodh shíos fá'n Lagán.

    Sgéal.
    Beirt chailín as Cloch an Fhaoillidh a bhí ar fasdtadh shíos fá’n Lagán. Nuair a bhí an t-am shuas acu fá Shamhain bhí siad ag teacht ‘na bhaile. Tháinig an oidhche ortha agus ní rabh teach lóistin ar bith acu le fanacht ann. Chuaidh siad isteach go Teach an Phobail agus d’fhán siad ann go maidin. Ar uair an mheadhan oidhche las na coinnle ar an altóir agus tháinig sagart amach agus culaidh an Aifrinn air. D’fiafruigh sé an rabh duine ar bith annsin a dhéanfadh an t-Aifreann a fhriothálú. D’fiafruigh sé trí h-uaire. Níor labhair siadsan. Chuaidh na coinnle as agus d’imthigh an sagart amach. Ar maidin níor imthigh siadsan ar chor ar bith acht chuaidh siad chuig an t-sagart. D’innis siad do caidé mar bhí. Dubhairt sé go gcaithfeadh siad fanacht aige san an oidhche sin agus go rachfadh siad go teach an Phobail agus go mbéadh seisean leobhtha agus go suidhfeadh siad ins an áit cheadna. D’iarr sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éilis Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal
    Informant
    Áine Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    59
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal