Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
- Suíomh:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 163
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí beirt chailín ag dul amach go teach bainse fá choinne snáth bhainríoghna.”
Bhí beirt chailín ag dul amach go teach bhainse fáchoinne snáth bhainríoghna. Tháinig an oidhche ortha agus chuaidh siad ar seachráin. Thosuigh an bheirt acu ag caoineadh ach ghlach bean amháin acu misneach agus dubhairt sí go dtabharfadh an Mhaigdean Mhuire tárrtháil ortha anocht. Dubhairt an bhean eile dá mbéadh sí ag urnaighe ó tháinig sí ar an t-saoghal go mbéadh siad coillte anocht. Shiubhal siad leabhtha giota eile agus chonnaic siad solus tharraig siad air. Bhuail siad ag an doras agus tháinig bean chuca. Ní raibh ins an teach ach i féin. D'iarr siad lóistin agus thug sí uisge dobhtha le na gcuid cosa a nighe agus thug sí suipeár maith dobhtha fósta agus leabhaidh mhaith. Luigh siad annseo go maidin agus ar maidin nuair a bhí said ag imteacht sgríobh sí leitir agus thug sí dón Mhaigdean Mhuire. Nuair a bhí siad giota ar shuibhal d'amharch siad ar an leitir ní rabh seoladh ar bith air. Phill siad arais go dtí an ait a rabh an teach ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éilis Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Donegal