Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)

Suíomh:
Buailte Fraoigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Boltifree
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear na chomhnuidhe thiar i mbaile na Carraice am amháin agus bhí sé pósta.

    Sgéal
    Bhí fear na chomhnuidhe thiar i mbáile na Earraice am amháin agus bhí sé pósta. Ní rabh aige ach n-inghean amháin agus bhí sise pósta thíos i Gcaisleán na Finne. Lá amháin tháinic an (fea(s)r cun) fear seo aníos ‘un na Dútharaidh a bhaint sgolb. Ní rabh sé i bhfad ag baint nuair a tháinic marcach fhad leis. Tháinic an marcach anuas agus d’fhiafruigh sé dé’n fhear ca rabh a leitheád seo a fhear na chomhnuidhe - dubhairt an fear gur bé eisean an fear ceudna. “Ó is maith liom sin” arsa’n marcach, “nó ghlac do n-inghean rud éigin indé agus mas maith leat breith beo uirthí caitheadh tú deifir a dheánamh” “Maise ba mhaith liom dhull na bhaile nó béidh bean an toighe mío-shuaimhneach, agus fosta níl orm ach bratógai”. “O bhal ma théid tú na bhaile fan sa bhaile nó ní fheicfidh tú do n-inghean beo. Smaointigh (an fear) an fear air fhéin agus sa deireadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Éichthighirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall