School: Mín na Croise

Location:
Mín na Croise, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Choileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Croise
  2. XML Page 251
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh mé suas i gcrann árd agus tháinig an triúr go bunan chrann. Rinne siad trí tuagh daobhtha fein agus thosaigh gheárradh. Nuair a chonnaic mé féin an crann brath beith tuitim, léim mé go dtí crann eile. Tháinig siad go dtí bun an chrainn agus thoisigh ar an cleas ceadna, agus bhí mé ó crann go crann go dtáinig mé go dtín crann deirineach agus bhí se seo geárrtha aca ach buile amháin agus le sin sgairt an coileach agus mar sin dé nach rabh mise comh ndeas don bhás leis an bhuachaill seo?” “Bhí cinnte” arsa’n rí “agus sgairt sé ar an dara fear agus d’iarr air a chuid eadaigh abhaint dé. Rinne an stócach mar a h-iarradh air agus annsin labhar an Rí leis an Ghaduidhe Dubh.
    “An bfaca tú aon duine ariamh ann do saoghal comh ndeas dó’n bhás leis an stócach seo?” “Chonnaic leoga” arsa’n Gadaidhe Dubh, bhí mé lá amháin amuigh i gcoill agus chuaidh mé isteach i dteach. Bhí bean agus leanbh istoigh agus bí’n mathair ag búirfidh caointe. D’fiofruigh mé dí goidé bhí oirthí agus d’innis sí damh gur ghoid fáthach é fein agus an leanbh an oidhche roimh sé, agus gur iarr sé oirthí an leanbh bheith bruighthe aicí do nuair a phillfeadh sé”. Bhal! arsa mise tá muc álta liom-sa agus bruigh tusa é in-áit an leinbh. Ma shileann sé gur breag tá tú innse, geárr bárr na [meíre bige]? do’n páiste agus silfidh sé annsin gurabé an páiste atá marbh. Chuir mé fein an páiste ar mo dhruim agus chuaidh mé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Mac g Ceannfaele
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Gleann Cholm Cille, Co. Donegal