School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 380
- XML “Cruatan - Longbhriseadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- CruadhtánLong brhiseadh
I mí Mheadhon Fóghmhar 1884 cailleadh bád amuigh i gcul Oileán Thora darbh ainm an "Wasp".
San am seo ní rabh muintear an oileáin ag díol cíos ar bith agus rinn an Tighearna talmhan amach báiluchán saighdiúraigh agus peus a chuir fhád leis an oileán agus na daoine bochta a dhíbirt. Chualaidh muintear an oileáin go rabh an bád seo ag teacht agus bhí fhios acu go maith goidé an cuspóir a bhí leó. Rinn muintear an oileáin amach go d-tiompachadh siad cloch Thorraigh ar an bhád agus go b'fhoíridh Dia ar bhád ar bith a thiompachaidh an chloch seo air. Nuair a bhí an bád ag teacht deas dó na costaí thiompaidh muintear an oileáin an chloch agus cailleadh an bád, Báitheadh na lamha uilig amacha seisear. Thug an lán-mhára isteach na cuirp fhád le céigh Bhéál-an-Easa. Ó tharla gur albanaigh buidhe a bhí ionnta cuireadh in roilic Chiull-Ulta iad san(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Brógáin
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Brógáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal