School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 410
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósaidhthe.Sé an tam is gnáthach leis na daoine pósadh san cheantar seo ná ón athar an dá lá dhéag sé sin an séimheadh lá de Eanair goidtí mhaírt Innide. Is beag lanamhaineacha a phóstar Dia h-Aoine agus Dia Satharn, deirtear nach mbíonn saoghal fáda ag aon lanamhain a phóstar ar an dá lá seo. Mar gheall ar sin póstar a mbunadhas ag tús na seachtmhaine. Nuair a bhíonn bean a dheith ar fhear bheireann sé leis cupla fear muinteardha dó na chuid agus rachaidh said fhád le teach éigin a bhfuil cupla cailín óg ann.
Ar dtús rachaidh an triúr fhád le teach osta agus ceanneochaidh an fear atá an bhean a dheith air buideal uisge beatha agus rachaidh siad fhád le teach an chailín.
I dtrathaibh am luighe a ghlacann seo áit. rachaidh siad isteach agus suidhfhidhe siad thart. I gcionn tamaill labhraidhe fear dó na fir agus innseochaidh sé dó fhear an toighe goidé a ngnoithe. Agus má tharlan sé go mbeidh an cailín sásta leis an fhear a phósadh nochtachar buideal an uisge beatha(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Brógáin
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Brógáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal