School: Mín Doire (roll number 16151)

Location:
Mín Doire, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Doire
  2. XML Page 407
  3. XML “Fíodóirí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá figheadoírí go fairsing san cheantar seo.acht níl aca acht séol nó beirt. Tá fear ar an Dún mhór agus tá seanseól aige.
    Sé an chead rud a dheanann an figheadóir ghní sé an gliú a dheilbhe. Tá crann deilbhe aige igcoír na h-oibre seo. Cuireann sé isteach san t-seól annsin é.
    Gheibheann sé an t-lonae annsin. Cuirtear na ceartliní suas ar spolaibh, Tá tuirne beag eile. acu i gcóir na h-oibre seo leis. Tosuigheann sé ar an fhigheadóireacht annsin. Dheanann sé an spóil a thiomaint enonn agus anall le gleás tiomainte atá san tseál. Oibrigheann sé an gleás tiomaint seo le na lámha. Tá gleás eile ann leis na buillí a chongbhail le na chéile go dtluít. leis na gleás sin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Language
    Irish