School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 375
- XML “Fir Reatha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fir Reatha:- San am a thainic an chead ghluaisteán an bealach seo scáruigh sé a raibh de bheathuigh ( Capaill) san áit agus níor fhan ceann aca ar an cheann eile dóibh sin a bhí comhgarach nár ghlan amach as éisteacht an ghluaisteáin.
Bhí beach ag Brian Ó Gallchobhair as Mín Doire ( Tá a mhac Seán san áit anois) ag ingheilt cois an bhealaigh mhóir nuair a thainic an gluaisteán aníos.
Amach roimh an ghluaisteán leis agus i shiubhail cosa ináirde, D'fhiach tiománuidhe an ghluaistin teacht aníos fhad leis agus dhul thairis acht sháruigh air.
Bhí Brian na fhear meadhon aosta san am agus in a óige ba doiligh amhac a samhail a fhágail ar leána na bhfiann. Bhí se ag tochailt phréatai san chomursanacht nuair a thug sé fa dear an rasá eadar a bheach agus an ghluaistean.
Bhí fhios aige go maith caidé chomh luath is bhí an beach s'aige agus go ritheadh sé giota maith nuair(continues on next page)