Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 174
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bí fear agus bean ann uair amháin agus ní rabh aca ach aon mac amháin. Bhí an gasúr seo fa thuairim méid culóige bhí sé comh beag sin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an bhó. Annsin bhí a mac na culóige slán beo aca arísScéal
“Tamall mhaith ó shoin nuair nach rabh na rothair comh fluirseach is tá siad anois bhí buachaill ar an bhaile seo ar a dtugtaí Peadar Ac Aodha.”
Tamall mhaith ó shoin nuair nach rabh na rothair comh fluirseach is tá siad anois bhi buachaill ar an bhaile seo ar a dtugtaí Peadar Ac Aodha. Lá amhain (ain) chuir sé ina cheann é agus ceannuigh sé rothar. Núair a ceannuigh sé an rothar tharla go rabh taidbhse le feicéail ag imtheacht fa na bailte agus é ag gabhail mar bhéadh réidéan gaoithe ann Ar scor ar bhith lá amháin arabh sean-bean de chuid na comhursannachtha ag teacht ón t-siopa bhí Peadar amuigh ag marcuideacht ar an rothar agus cé casadh air ach an t-sean-bean seo. Ní facaidh sí rothar ariamh ina saoghal agus nuair a chonnaic sí rud gasta ag dul tairstí agus Peadar Ac Aodha ina shuidhe in áirdhe air sgannruigh sí nó bí sí cinnte gur an Machán Mór a bhí ann. Rith sí ina bhaile comh gasta is tháinic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann