Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 134
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair.”
(ar lean ón leathanach roimhe)-uigheadh Domhnall agus Pádraic. Rinn na mic socrughadh annsin, ach níor togadh an claidhe ariamh. Tugadh "Giota na Fola" ar an áit ariamh ó shoin.Nodlaig, 1935Scéal
“Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair.”
Gráinne bean Uí Dhubhthaigh, na hAgallaí, An Clochan Liath Tírchonaill a d'innis. Rugadh agus tógadh ar na h-Agallaí í. Tá sí fa tuairim 48 bliadhan d'aois anois. Chualaidh sí an scéal ag n-a máthair. Tá an mháthair beo o fóill agus bheadh sí anois 80 bliadhan d'aois.Scéal
Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair. Bhí gleann mór taobh thíos de'n áit rabh siad 'na gcomhnuidhe. Ins an ghleann seo bhí binn an áit a rabh na daoine beaga 'na gcomhnuidhe. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le n-a máthair go rabh sé ag dul síos chuig na daoine beaga go bhfeiceadh sé goidé an cinneál spoirt a bhí aca. Nuair a chuaidh sé annsin bhí na daoine beaga dul siar go Connachta a fhuadach giorsaighe nach rabh ag na h-athair agus n-a máthair ach í. Bhí beannuigheacht mhór fa'n ghiorsaigh seo agus ní thiocfadh leis na daoine beaga baint díthe gan duine saoghalta a bheith leobhtha. Ar an ádhbhar sin d'iarr siad ar Dhomhnall a bheith ag teacht leobhtha go Connachta. Dubhairt Domhnall go rachadh, ach nach rabh gléas marcuigheachta ar bith aige. Ní dhearn fear de na daoine beaga ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Uí Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 48
- Seoladh
- Na hAgalla, Co. Donegal