School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 63

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 63

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 63
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí muilteoir ann aon uair amhain agus bhí trí searbhontaidhe aige.

    (continued from previous page)
    go bhfuigheadh seisean capall níos fearr ná an bheirt eile. D'imthigh sé leis agus níorbh fhada gur chas cat mór bán air. "Bá bhfuil tú ag gabhail?" arsa'n cat. "Ó, ní dhéanaidh tú maith ar bith dom," arsa'n fear. "Tar liom," arsa'n cat "agus cuidigh liom caisleán a thógáil agus tabharfaidh mé an capall is fearr in Éirinn duit." Chuaidh sé leis an chat go dtí a chaoisleán. Ní rabh duine ar bith le cuidighadh leithí annsin acht trí phisín. Bhí leabaidh ins an choirneál agus bhí gach cineál bidh ar. D'iarr an cat air ithe. Rinn sé seo. Annsin thaisbean an cat leabaidh bheag do agus d'iarr ar a ghabhail a luighe. An lá ina dhiaidh sin thug an cat na h-uirléisí do'n fhear agus thoisigh sé ag tógáil an chaisleáin. Ní rabh sé acht mí ag tógail an chaisleáin agus thaisbean an cat na caiple go léir a bhí aicí dó. D'iarr an cat air a ghabhail abhaile agus go dtiocfaidh seisean i gcionn trí lá agus go mbeadh na caiple léithí. Nuair a shroich an fear an muilleann bhí an bheirt fhear eile roimhe agus bhí na caiple aca. D'iarr siad ar cá rabh a chapall sa agus dubhairt seisean go rabh sé ag teacht i gcionn trí lá. D'iarr sesiean órtha cá rabh na caiple a fuair siad. Thaisbean siad na caiple dó, acht bhí cionn amháin aca bacach agus bhí an ceann eile dall. Nuair dubhairt seisean rud ar bith acht thoisigh ag gairidhe. Nuair a bhí na trí lá caithte tháinig carabad deas go dtí an doras agus bhí capall mór buidhe ag tarraingt an charabhaid. Tháinig bainrioghain amach aistí agus chuaidh isteach ins an mhuilleann. D'iarr sí ar an mhuilteoir theacht amach go bhfeicfeadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
    Informant
    Micheál Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal