School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 7

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 7

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 7
  3. XML “Taiscidh Chró an Chaorthainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go bhfuil mórán airgid i bhfolach suas annsin ar thalamh Phádraig Mhac a Bhaird, in áit dar b'ainm Poll a Diaraibh i bParóiste Árd an Ratha. tá sé trí mhíle ón bhaile mhór, agus tá sé leith mhíle on bhealach mhóir, agus fathach a chur annsin é. Tá cloch mhór os cionn an óir seo. tá an chloch seo, ceithre troigh ar leaithead, ceithre troigh ar fad, agus ceithre troigh ar doimhne, agus duine ar bith a rachas go dtí an áit seo ag iarraidh an airgid a fhaghail bíonn solas faoi an chloch.
    Tá níos mó na naoi gcéad punt ann agus deirtear go bhfuil sé síos i bpoll ins an talamh faoi an chloch, dubhairt m'athair gur fathach chur annsin é, acht tá fhios agam na le sidheogaí é ar scór ar bith.
    Ní rud ar bith ag choimhead na h-áite seo agus ní dóigh ar bith leis an airgead a fhaghail nó bíonn solas le feiceáil sa'n áit. Aon uair amháin chuaidh beirt phrodastanach go dtí an áit seo leis an óir a fhaghail acht nuair a chuaidh siad fhad leis an chloich, chonnaic siad an solas faoi an chloch agus rith siad abhaile comh gasta agus thiocfadh leo.
    Pádraig Seán Ó Breislin
    Cro-an-Chaorthainn
    Ard-an-Ratha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Séan Ó Bhreislin
    Gender
    Male
    Address
    Cró an Chaorthainn, Co. Donegal